Content on this page requires a newer version of Adobe Flash Player.

Get Adobe Flash player

Seoltóireacht


Toppers:  6/8 cinn againn- bád beag le seol amháin; cothaíonn an bád beag seo dúil ionat sa seoltóireacht.  Soitheach séalaithe atá sa Topper.  Ciallaíonn seo nach féidir leis dul to tóin poill aguss má iompaíonn sé beál faoi gur furast é a chur í gceart arís.  Tar éis ceacht a fháil ar an Topper beidh sé níos fusa agat seolta agus rigín a láimhseáil.  Beidh tú á gceannes ar do bhád feín i nganfhios duit féin – agus is iontach an sásamh intinne sin.


Laser 1:

Báidín le seol amháin – tá sé níos gaiste san fharraige mar gheall ar a chruth slíochtha agus ar a chabhail fhada.  Tá seol níos mó air chom maith; soitheach séalaithe atá ann fostá.


Laser 2:

Seoladh leat féin, ach níos fusa agus níos sultmhaire le cara.  Bád rása atá ann.  Tá níos mó teicneolaíochta ag baint leis chomh maith viz.  Seol mór, gib, spionacar agus maide luascáin.  Is soitheach séalaithe é chomh maith.


Wayfarer :

Bád 16tr ar fad; oiriúnach do theaghlach nó grúpa (3 nó 4), slúpa le seol mór, gib, agus spionacar.  Tá cáil mhór air mar bhád atá láidir agus cumtha.. Cé gur bád maith seoil atá inti do thosaitheoirí tá an fiestas céanna uirthi agus atá ar bád mór seoil.